Baile Átha Cliath mar Chathair Litríochta de chuid UNESCO

Maidin inné, d’fhógair Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Gerry Breen, gur roghnaíodh Baile Átha Cliath go hoifigiúil mar Chathair Litríochta de chuid UNESCO, ceann de cheithre chathair ar domhan a bhfuil an gradam seo acu (Dhún Éideann, Melbourne agus Iowa). Ard-stiúrthóir UNESCO a bhronn an gradam seo a bhfuil an-tóir air, agus tugann sé aitheantas do phróifíl chultúrtha Bhaile Átha Cliath agus dá stádas idirnáisiúnta mar chathair litríochta den scoth.

Cuireadh an blag seo ar bun chun moltaí a fháil maidir le cur chun cinn na litríochta Gaeilge sa chathair (agus ar fud na tíre) agus an stádas nua seo bronnta ar Bhaile Átha Cliath. Má tá moladh nó moltaí dearfacha agat, tapaigh an deis seo chun do thuairimí a roinnt linn agus cuirfimid na moltaí is fearr faoi bhráid Sheirbhís Leabharlainne na Comhairle Cathrach i Mí Mheán Fómhair.

Féach www.dublincityofliterature.ie

27.7.10

Tuairimí Gabriel Rosenstock

An mbeidh tionchar ag Baile Átha Cliath mar Chathair Litríochta UNESCO ar an nGaeilge? Braitheann sé sin ar mhuintir na Gaeilge féin, san ardchathair agus ar fud na tíre. Baineann Baile Átha Cliath, mar phríomhchathair, linn go léir.

An spéis le muintir na Gaeilge an litríocht? An gceannaíonn siad leabhair? An ordaíonn siad leabhair Ghaeilge óna leabharlanna áitiúla? An dtacaíonn siad le féilte litríochta ar nós IMRAM?
Níl an lipéad seo is déanaí chun aon ní a athrú, dar liomsa. D'fhéadfadh sé, ar ndóigh, d'fhéadfadh cinnte, dá gcuirfí pleananna straitéiseacha i bhfeidhm agus dá gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil chun na pleananna sin a chur i gcrích go héifeachtach.

Níl a fhios ag muintir Bhaile Átha Cliath ná muintir na hÉireann trí chéile cad atá á fhoilsiú i nGaeilge. Easpa poiblíochta is cúis leis sin. Caithfidh seastáin leabhar Gaeilge a bheith ag mórfhéilte na tíre agus ag féilte leabhar thar lear. Caithfear spás fuinneoige sna siopaí leabhar a cheannach.

An bhfuil lipéad UNESCO chun tuilleadh clubanna leabhar Gaeilge a chruthú? An bhfuil sé chun tuilleadh léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge a chruthú? An bhfuil sé chun próifíl litríochta na Gaeilge a ardú ag baile agus i gcéin? An bhfuil sé chun díolamaí de shean- is de nualitríocht na Gaeilge a chur ar fáil i dteangacha eile? An bhfuil sé chun breis drámaí Gaeilge a chur á léiriú, drámaí stáitse, drámaí teilifíse, drámaí raidió?
Ná bímis ag brath ar UNESCO ná ar éinne eile chun ár gcuid fadhbanna a réiteach dúinn. Fúinn féin atá sé dul i mbun gnímh. Anois.